Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Do chuaidh Iarúsalem amach chuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus lucht an cheanntair mór‐thimcheall Iórnáin,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 An uair sin théigheadh Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile thart fá’n Iordáin amach chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do chúaidh Ierusaléim a mach chuige an tansin, agus Iudéa uile, agus luchd na tálmhan atá a ttimcheall Iordan uile,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:5
9 Tagairtí Cros  

Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem,


Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán.


Agus do chuaidh tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amach chuige agus do bhaist sé iad uile i sruth Iórnán agus iad ag admháil a bpeacadh.


Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti.


Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh;


Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht.


Agus do bhí Eoin ag baisteadh, leis, i nAenón, i n‐aice Shalim, óir do bhí a lán uisce ann, agus do thagadh na daoine, agus do baistidhe iad.


Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí