Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 An uair sin théigheadh Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile thart fá’n Iordáin amach chuige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Do chuaidh Iarúsalem amach chuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus lucht an cheanntair mór‐thimcheall Iórnáin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do chúaidh Ierusaléim a mach chuige an tansin, agus Iudéa uile, agus luchd na tálmhan atá a ttimcheall Iordan uile,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:5
9 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim


Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.


Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.


“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.


Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,


Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.


Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí