Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Bhí culaith de fhionnadh camall ar Eoin é féin, agus crios leathair fá n-a choim; agus ba lócuistí agus mil fhiadhain a bhiadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a sí culuígh do bhí uime Eóin éadach do rúaidhneach chámhall, agus crios leathair a ttimcheall a leasruigh: agus a sé do budh bíadh dhó lócuiste agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:4
12 Tagairtí Cros  

Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann.


Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín.


Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair an a chom, agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.


Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí