Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 3:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a sí culuígh do bhí uime Eóin éadach do rúaidhneach chámhall, agus crios leathair a ttimcheall a leasruigh: agus a sé do budh bíadh dhó lócuiste agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Bhí culaith de fhionnadh camall ar Eoin é féin, agus crios leathair fá n-a choim; agus ba lócuistí agus mil fhiadhain a bhiadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:4
12 Tagairtí Cros  

Agus do fhreagradarsan é, Duine fionnadhmhach, agus criosluigh le crios leathair timchioll a chaóil. Agus a dubhairt seision, Sé Elias an Tisbíteach é.


Annsa namsin féin do labhair an TIGHEARNA tre Isaiah mhac Amos, gha rádh, Imthigh agus scaóil an saicéadach ó a ttimchioll do leasruigh, agus cuir do bhróg dot chois. Agus do rinne sé sin, ag siubhal nochtuigh agus lomchosach.


Iád so cheana is éidir libh a nithe; án lócuiste do réir a chinéil, agus an lócuiste ceanann mar bhíos a chínéil, agus an bunnán gon chinéil, agus an orsán guna chineil.


Agus tiucfuidh a ccrích annsa lósin, go mbiáidh náire air na faighibh gach uile dhuine aca tré na fhis, an tan thairghirios sé; ní mó chuirfid umpa culadha garbha do dhéanamh mealltóireachda:


¶ Féuch, cuirfe mé Eliiah an fáigh ehugaibh suil thiucfas lá mór baoghlach an TIGHEARNA:


Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid síad, A tá deamhan ann.


Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd síad.


Agus do bhí Eóin ar na éadughadh dó rúaínneach cámhall, agus crios leathair timcheall a leasruigh; agus a sé bíadh do itheadh sé, lócuisdighe agus mil choilteamhail;


Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasumhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.


Thug sé air marcuigheachd do dhéanamh ar áitibh árda an domhain, chor go bhféadfadh toradh na machaireadh dithe, agus thug sé air mil do shúghadh as an gcarruicc, agus ola as an gcarruig chrúaidh;


Agus do bhéura mé cúmhachd dom dhá fíadhnuisighe, agus béid síad ag faidheadóireachd míle dhá chéud agus trí fichid lá, ar na néudughadh déuduighibh róin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí