Matha 3:7 - An Bíobla Naofa 19817 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus nuair a chonnaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadducaigh ag teacht chuig a bhaisteadh, dubhairt sé leo: A shliocht naithreach nimhe, cé thaidhbhsigh díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.