Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 2:13 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Nuair a bhí siad-san ar shiubhal, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin i n-aisling do Ióseph, agus dubhairt: Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus teich chun na h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsidh mise duit. Óir is amhlaidh a bhéas Ioruadh ar lorg an leinbh chun é chur chun báis.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh agus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n-a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imthigh go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beidh Héród ag lorg an leinbh chun a mhairbhthe.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”

Féach an chaibidil



Matha 2:13
29 Tagairtí Cros  

Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin.


I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh. Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.”


Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.


D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas.


Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”


Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.


Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.


Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.


Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt,


Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.


Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle


D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”


Nuair a d'imigh an t‑aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir,


Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”


Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t‑aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.


Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n‑éirí an bóthar libh.”


Ach i rith na hoíche d'oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo


D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.


Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.”


Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.


Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir


Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.


Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.


Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.


Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.