Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 33:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 A naisling, a bhfis na hoidhche, a nuáir thuitios codhladh trom ar dhaóinibh, a néullfartuigh air an leabuidh;

Féach an chaibidil Cóip




Iób 33:15
15 Tagairtí Cros  

Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é.


Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”


Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”


Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.


Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.


I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,


“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.


Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”


Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí