Iósua 3:17 - An Bíobla Naofa 198117 Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)17 Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan. Féach an chaibidil |
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.