Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:17 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:17
14 Tagairtí Cros  

Agus do ghlac Elias a fhalluing, agus dfill ar a chéile í, agus do bhúail na huisgeadha, agus do roinneadh íad annso agus annsúd, iondus go ndeachadar anonn aráon ar talumh tirím.


Diompóigh sé a nfairge a bhfearann thirim: do chúadar dá gcois thríd a nabhuinn: annsin do rinneamairne lúathgháir annsan.


Agus do shin Maóise a lámh amach ós cionn na fairge; agus tug an TIGHEARNA ar an bhfairge dul (ar a hais) lé gáoith láidir a noir, ar feadh na hoidhche sin agus do rinne a nfairge na talamh thirim agus do roinneadh na huisgidhe.


Agus do chúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalamh thirim: agus do bhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.


Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge; agus do bhadur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.


Sluígfidh sé súas an bás a mbuáidh; agus tiormochuidh an Tighearna DIA déora do na huile aighthibh; agus cuirfe sé masla a phobail ar ccúl ón ttalamh uile: óir do labhair an TIGHEARNA é.


Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir rachfáoi thar Iordan go tír Chánaain;


As tré chreideamh do chúadar trés an muir Ruáidh amhuil tré thiormach: an mhuir léur sluigeadh na Héigiptigh ar dteachd dá teasdughadh dhóibh.


Agus tárla, a nuáir do chuáidh an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua, dha radh,


¶ Oir do sheasadar na sagairt do iomchuir a náirc a lár Iordan, nó gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin an TIGHEARNA do Iosua do labhairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neithe dar aithin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deithfir agus do chúadar thairis.


Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.


Annsin do bhéarthaoi a fhios dhá bhur ccloinn, ghá rádh, Tháinic Israel a nall tar an Iordanso ar thalamh tirim.


Agus aithin díobh, ghá rádh, Beiridhsi libh as so as lar Iordan, as a náit ar sheasadar go daingean, cosa na sagart dá chloich dhéag, agus béarthaói libh a nonn íad, agus fáguidh íad san náit fosadh, a mbéid na loistinídhe a nochd.


Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí