Iósua 3:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198116 stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó. Féach an chaibidil |
Uimesin, a nuáir tháinic misi, an raibh neach ar bith? a nuáir do ghoir mé, an raibh aoinneach do fhreagoradh? Nar giorruigheadh mo lámh ar áonchor, go nach bhféadann fúasgladh? nó nach bhfuil cumhachd ar bith sáortha agamsa? féuch, lém achmhusán tiormuighim súas a nfairge, do ním na srotha na bhfásach: bréanuidh a níasc, do dhíth uisge, agus éaguid do thart.
Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.