Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Uisgighe Iordan ar ngearradh ó cheile go mirbhuilteach, do chuadar clanna Israel a nonn ar talamh tirim.

1 Agus do eírigh Iosua go moch ar maidin; agus do áthruigheadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do fhosadar annsin suil do chúadar thairis.

2 ¶ Agus tárla a gcionn thrí lá, go ndeachadar na hoifigidh ar feadh an tslúaigh;

3 Agus do fhuagradar don phobal, gha rádh, A núair chífidhe airc chunartha bhur TTIGHEARNA Dé, agus na sagairt Lebhiteach gá hiomchar, ansin áthrochuidhe as bhur náit, agus rachdáoi na díaigh.

4 Gidheadh biáidh spás eadruibh féin agus í, timchioll dhá mhíle cubhad do thomhas: ná tigidh laímh riá, chor go mbiadh fios na sligheadh aguibh íona ccaithfidhe gabháil: óir níor ghabhabhair an tslighesi roimhe so.

5 ¶ Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal, Náomhuigh sibh féin: óir do dhéana an TIGHEARNA ionganta bhur measc a márach.

6 Agus do labhair Iosua ris na sagartnibh, ghá radh, Tóguidh súas aírc an chunnartha, agus éirghidhe thairis roimhe an bpobal. Agus do thógbhadar aírc an chunnartha súas, agus do chúadar roimhe an bpobal.

7 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, A niugh thoiseochus mé ar thusa oirdherceadh a measg Israel uile, chor go mbía a fhios aca, mar do bhí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leachdsa.

8 Agus aitheona tú do na sagartuibh iomchras airc an chunartha, ga rádh, A núair thiucfuidhe go brúach uisge Iordan, seasfuidhe bhur ccomhnuighe an Iordan.

9 ¶ Agus a dubbairt Iosua re cloinn Israel, Tigidh uile, agus éistigh bríathra bhur TTIGHEARNA Dé.

10 Agus a dubhairt Iosua, Is leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó bhur measc, agus go tteilgfe sé amach gan fhaillighe na Cananítigh, agus na Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na Perisitigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Iebusítigh.

11 Feachuidh, téid airc chunartha TIGHEARNA an domhuin uile romhuibh a nonn tar Iordan.

12 Annois ar a nadhbharsin tugaidh dha fhear dhéug amach as treabhuibh Israel, fear as gach éintreibh.

13 Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.

14 ¶ Agus tárla, a nuáir do áthruigheadar an pobal ó na loistínibh, do dhul tar Iordan, agus na sagairt ag iomchar airce an chunartha roimhe an bpobal;

15 Agus ar tteachd don luchd do iomchuir a náirc go Iordan, agus ar ttumadh cos na sagart do iomchuir an náirc a mbrúach a nuisge, (óir tulighidh Iordán a bhruacha uile feadh aimsire an fhoghmhair,)

16 Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.

17 Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí