Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do eírigh Iosua go moch ar maidin; agus do áthruigheadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do fhosadar annsin suil do chúadar thairis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Go luath ar maidin d'éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:1
16 Tagairtí Cros  

Agus do éirigh Abraham súas go moch ar maidin, agus do ghlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do chuir ar a gualuinn é, agus an leanamh, agus do chuir ar siubhal í: agus do imthigh sí, agus do bhi ar fud fhásuigh Bheerséba.


Agus do éirigh Abraham go moch ar maidin, agus do ughmuidh a asal, agus rug días dá óganachuibh leís, agus a mhac Isaac, agus do scoilt an connadh don offráil loisge, agus do éirigh súas, agus do chuáidh gus a náit a dubhairt Día ris.


Do rinne mé deithfir, agus ní dhéarnas faillighe haithéanta do choimhéad.


On treas blíadhain déug do Iosiah mhac Amon rígh Iúdah, eadhon go nuige an lása, (sé sin an treas blíadhan fíthchiod,) tháinic focal an TIGHEARNA chugamsa, agus do labhair mé ribhsi, ag mochéirghe agus ag labhairt; acht níor éisteabhair.


Déisteacht re bríathruibh mo sheirbhíseach na fáighe, noch do chuir mé chugaibh, aráon ag eírghe air maidin, agus da ccur uáim, acht níor éisteabhair;


Agus anois, do bhrígh go ndéarnabhair na hoibreachaso uile, a deir an TIGHEARNA, agus gur labhair misi ribh, ag éirghe go moch agus ag labhairt, acht ní chúalabhairsi; agus do ghoir mé sibh, acht níor fhreagrabhair;


O mo phobal, cuimhnighidh a nois créd do chomhairligh Balac rígh Mhóab, agus cred do fhreagair Bálaam mhac Beor dhó ó Shittim go Gilgal; chor go naitheontaóise fíréantacht an TIGHEARNA.


Agus do chomhnuigh Israel a Sittim, agus do thosuigheadar an pobal stríopachus do dhéánamh lé hinghinnuíbh Mhoab.


Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.


Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin.


Agus do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus do thógbhadar na sagairt airc an TIGHEARNA súas.


Agus tárla ar an seachdmhadh lá, gur éirgheadar go moch timchioll scartha an láoi, agus gur thimchilleadar an chathair ar an modh céadna seachd núaire: achd amhain ar an lá sin do thimchilleadar an chathair seachd núaire.


¶ Mar sin do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreabhuibh; agus do gabhadh treabh Iudah:


Agus do éirigh Iósua go moch ar maidin, agus do áirimh sé an pobal, agus do chuáidh suás, é féin agus sinnsir Israel, roimhe an bpobal go Hái.


Agus déirgheadar clann Israel súas ar maidin, agus do rinneadar campa a naghaidh Ghibeah.


¶ Agus do éirigh Dáibhi súas go moch ar maidin, agus dfág na cáoirigh ag coimheáduigh, agus rug leis, agus dimthigh, mar a dubhairt Iesse ris; agus tháinic sé chum an trinnsi, a núair do bhí an slúagh ag dul amach do throid, agus do ghaíreadar chum an chatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí