Iósua 2:24 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus a dubhradar re Iosua, Go deimhin thug an TIGHEARNA an tir uile ionar lámhuibh; óir atáid duthchusuidh na tíre uile ag dul a nanbhfainne re eagla romhuinn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198124 Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.” Féach an chaibidil |
Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.