Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, A niugh thoiseochus mé ar thusa oirdherceadh a measg Israel uile, chor go mbía a fhios aca, mar do bhí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leachdsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:7
13 Tagairtí Cros  

Agus do mhéuduigh an TIGHEARNA Solamh go hanmhór a radhairc Israel uíle, agus do bhronn sé dhó a leithéid sin do ríoghamhlachd nach raibh im éain rígh roimhe a Nisrael.


Agus do neartuigheadh Solamh mhac Dáibhi iona rioghachd, agus do bhí a THIGHEARNA Día maille ris, agus do mhéuduigh sé é go hiomarcach.


Cred é an duine, as a ndéantá a mhéudughadh? agus as a ccuirfeá do chroidhe air?


Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé.


Do labhair Iósa na neithesi, agus ag tógbháil a shúl chum neime dhó a dubhairt sé, A Athair tháinig a nuáir, tabhair glóir dod Mhac féin, ionnus dtíubhradh do Mhac glóir dhuitse mar an gcéadna:


Do réir mar atá mo shúil agus mo mhuinighin go géur ris, nách ccuirfighthear adhnáire oram a náoin ni, achd maille ré gach uile dhóthchas, amhuil do tharrla dhamh a ríamh, go náirdeochar Críosd a nois mar an gcéudna um chorp, más tré bheatha, nó tré bhás é.


Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neithibh, mar sin uimhleocham dhuitsi: amháin go mbia do THIGHEARNA Día leachdsa, mar do bhí sé lé Máoise.


¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


Agus do labhair Iosua ris na sagartnibh, ghá radh, Tóguidh súas aírc an chunnartha, agus éirghidhe thairis roimhe an bpobal. Agus do thógbhadar aírc an chunnartha súas, agus do chúadar roimhe an bpobal.


Agus aitheona tú do na sagartuibh iomchras airc an chunartha, ga rádh, A núair thiucfuidhe go brúach uisge Iordan, seasfuidhe bhur ccomhnuighe an Iordan.


¶ Ansa ló sin do méaduigh an TIGHEARNA Iosua a radharc Israel uile; agus do bhí eagla aca roimhe, mar do bhí roimhe Mhaóise, ar feadh laéthe a bheatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí