Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus ar tteachd don luchd do iomchuir a náirc go Iordan, agus ar ttumadh cos na sagart do iomchuir an náirc a mbrúach a nuisge, (óir tulighidh Iordán a bhruacha uile feadh aimsire an fhoghmhair,)

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n‑uiscí - bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair -

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:15
12 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt Elias ris, Guídhim thú, fan annso; óir do chuir an TIGHEARNA misi go Iordan. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní fhúigfidh mé thú. Agus dimthigheadar rompa aráon.


Is íad so chuáidh tar Iordan anonn san chéid mhí, a núair do chúaidh a thuile tar a bhrúachaibh uile; agus do chuireadar chum teithmhe muinntir na ngleann uile, aráon don noirthear, agus don níarthar.


Agus thangadar do chloinn Bheniamin agus do chloinn Iúdah gus a ndaingean go Dáibhi.


Sailteoruidh an chos síos í, eadhon eos na mbochd, agus coischéimidhe na neasbhuidheach.


¶ Má rioth tú leís na coisighibh, agus gur choireadar thú, annsin ciondus fhéadas tú coimbling re heachaibh? agus má choireadar thú a ttír na síothchána, ann ar chuir tú do dhóthchus, cred maiseadh do dhéana tu a nanfa Iordán?


Féuch, tiucfa sé amhuil leomhan a níos ó árd Iordan gus a náitreabh neartmhar: acht do bhéara misi air rioth go hobann uáithe: agus cía an duine toghtha, óirdeochus mé ós a cionn? óir cía is cosmhuil riom? agus cía chinnfios a naimsir dhamh? agus cía an tréaduighe sheasfas as mo choinne?


Imdheargaidh sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuighidh sé súas na srotha uile: anbhfainnigh Básan, agus Carmel, agus críonuidh bláth Lebanon.


Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.


Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí