Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus ghin Iesse Dáibhí an rí. Agus ghin Dáibhí Solamh ó bhanchéile Úríá,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ghein Iesse Dáibhidh, an rí. Agus ghein Dáibhidh, an rí, Salomon uaithe siúd a bhí mar mhnaoi ag Urías.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus do ghein Iesse an rí Dáibhí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do ghein Iesse Dáibhi an rí; agus do ghein Dáibhi an ri Solomon on mnáoi do bhi ag Urías;

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghein Dáibhid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a bhí ag Urias.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

ghin Ieise Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úiríá;

Féach an chaibidil



Matha 1:6
25 Tagairtí Cros  

Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”


Seo iad briathra deireanacha Dháiví: Oracal Dháiví, mac Ieise, oracal an fhir a ardaíodh go hard, ungthach Dhia Iacóib, cantaire duanta Iosrael.


Úiríá an Hiteach - Seachtar agus tríocha ar fad.


Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).


Úiríá an Hiteach. Zábád mac Achlái.


Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh,


Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac.


Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.


Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;


Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.


Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;


ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví.


Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”


Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].


“Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”


a rá is go bhfuil sibh uile i gcogar ceilge i m'aghaidh? Nuair a rinne mo mhac conradh le mac Ieise, níor thug aon duine eolas dom faoi; ní raibh trua ag aon duine agaibh dom, ná níor thug scéal dom nuair a ghriog mo mhac mo shearbhónta i m'aghaidh le bheidh ina namhaid agam mar atá anois.”