Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Gá fad bhías tú ag dó bhrón tre Shaul, ó chuir misi ar gcúl é ó bheith na rígh ós cionn Israel? líon hadharc dola, agus imthigh, cuirfidh misi thú chum Iesse an Betlehemíteach: do thogh mé rígh dhamh féin a measc a mhac.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 16:1
34 Tagairtí Cros  

Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair nuair a dúirt sé:


Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.


Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.”


D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.


Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.


Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.


Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;


Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.


Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.


“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


Airgead diúltaithe a thugtar orthu, agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”


“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.


Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”


Agus arís, deir Íseáia: “Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiún a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.”


Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghideón, ar Bhárác, ar Shamsón, ar Iaftá, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe.


Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.


Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”


Ach dúirt Samúéil le Sól: “Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.”


Ní fhaca Samúéil Sól arís go dtí lá a bháis; chuir Sól an-bhuaireamh ar Shamúéil, agus b'aithreach leis an Tiarna gur cheap sé Sól ina rí ar Iosrael.


Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.


Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d'imíodh an drochspiorad uaidh.


Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].


“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí