Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 11:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do chuir Dáibhi fios, agus dfíasruigh a ndiáigh na mná. Agus a dubhairt neach áirigh, Nach í so Batséba, inghean Elam, bean Uriah an Hititeach?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 11:3
10 Tagairtí Cros  

Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann, aon cheann beag amháin a cheannaigh sé. Bheathaigh sé í agus d'fhás sí suas leis féin agus lena chlann, ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán, ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.


Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá. Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.


Úiríá an Hiteach - Seachtar agus tríocha ar fad.


Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).


Úiríá an Hiteach. Zábád mac Achlái.


Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;


Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;


Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí