Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 11:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Agus tárla a naimsir an trathnoná, gur éirigh Dáibhi as a leabuidh, agus go raibh ag spaisdeórachd an úachdar thighe an rígh: agus ó mhullach an tighe do chonairc sé bean dhá nighe féin; agus do bhí an bhean roscíamhach re féachuinn uirre.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 11:2
28 Tagairtí Cros  

Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort.


Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.


Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.


D'fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé. Bhí Iósaef córach dathúil,


chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.


Mar seo a bhí ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr álainn ag Aibseálóm mac Dháiví darbh ainm Támár. Thit Amnón mac Dháiví i ngrá léi.


Rugadh triúr mac agus iníon d'Aibseálóm; Támár a b'ainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í.


Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae.


Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche,


Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.


Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.


Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.


Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.


Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;


Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí,


Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”


An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.


an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,


Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.


Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí.


Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.


Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’


Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.


Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.


Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí