Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
Matha 1:11 - An Bíobla Naofa 1981 ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ghin Iósía Ieconía agus a dheartháireacha, in am broide na Babalóine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghein Iósías Iechonías agus a bhráithre le linn na h-imirce chun na Baibileoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do ghein Amós Iósias; agus do ghein Iósias Iechonias agus a dhearbhráithre le linn broide Baibiolóine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhráithre, ag bruid na Babilóine. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ghin Ióisíá Iacóinia agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine. |
Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.
Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.
na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.
Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.