Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 39:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin rug Nebusar‐adan caiptín an ghárda a mbraighdionas leis don Bhabilóin fuighioll na ndaóine do fágbhadh annsa chathruigh, agus an dream do chúadh do tháobh, do theith chuige, maille ris an ccuid oile don phobal do mhair.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 39:9
20 Tagairtí Cros  

Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda.


‘Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.’ ”


Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.


Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.


Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”


Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’


Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.


Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”


An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.


Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin,


Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.


Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.


Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.


Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí