Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 39:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Acht dfág Nebusar‐adan caiptín an ghárda do bhochtaibh an phobail, ag nach raibh, aoinní a ttír Iúdah, agus thug sé fíneamhna agus machaireadha dhóibh an lásin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 39:10
8 Tagairtí Cros  

D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.


Sa lá sin, tógfaidh gach duine aon bhó amháin agus dhá chaora,


Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”


Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin,


idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.


D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.


“A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: ‘Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.’


Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí