Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Irimia 27:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Noch rug Nebuchadnessar rígh na Babilóine leis, a nuáir rug sé Ieconiah mhac Iehoiacim rígh Iúdah a láimh leis ó Ierusalem don Bhabilóin, agus uáisle Iúdah agus Ierusalem;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 27:20
14 Tagairtí Cros  

Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.


Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.


Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.


An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?


Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.


Is ea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, faoi na soithí atá fágtha fós i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim:


Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é.


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:


ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.


Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;


A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí