2 Ríthe 24:14 - An Bíobla Naofa 198114 Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsadha uile, agus an nuile dhuine árrachda a ngaisgidh, eadhon deich míle bráighe, agus an luchd ceirde uile agus na gaibhne: níor fhan duine, achd an luchd budh boichde do dháoine na tíre. Féach an chaibidil |