Lúcás 5:21 - An Bíobla Naofa 1981 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thoisigh na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh a smaoineadh, agus a rádh: Cé h-é seo a labhras diamhaslacha? Cé acht Dia amháin a dtig leis peacaidhe a mhaitheamh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” |
Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.
Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.
An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.
Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.
Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.
Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.
Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.
Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?
Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n‑aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?”
D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”