Léivític 24 - An Bíobla Naofa 1981Rialacha Breise 1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2 “Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí. 3 Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht. 4 Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d'ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí. 5 “Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann. 6 Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna. 7 Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite. 8 Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí. 9 Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d'íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.” Diamhasladh - Éiric 10 Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé - mac na hIosraelaí - ar aighneas le hIosraelach sa champa. 11 Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar). 12 Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh. 13 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 14 “Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann. 15 Ansin abair le clann Iosrael: Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca. 16 An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é. 17 An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é. 18 An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam. 19 Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé, 20 briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé. 21 An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é. 22 Bíodh an t‑aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.” 23 Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart