Léivític 24:5 - An Bíobla Naofa 19815 “Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 ¶ Agus géubha tú plúr mín chugad, agus bruithfe tú dhá bhairghin déag dhe: dhá dheachmhadh cuid bhías annsa bhairghin díobh. Féach an chaibidil |
Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.