Léivític 24:6 - An Bíobla Naofa 19816 Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Agus suidheocha tú a ndá chúrsa íad, a sé annsa chúrsa dhíobh, ar an mbórd fhíorghlan a bhfiaghnuise an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |
Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.