Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 24:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus an té scannluigheas ainm an TIGHEARNA, cuirfighear go deimhin chum bais é, agus clochfuid an comhchruinniughadh go dearbhtha é: comhmaith an coimhidheach, agus an té beurthar annsa tír, a nuáir mhaisleochus sé ainm an TIGHEARNA, cuirfíghear chum báis é.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 24:16
19 Tagairtí Cros  

Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.


Óir déanann siad ceannairc i d'aghaidh go fealltach; agus tugann do naimhde mionna éithigh.


Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d'ainm go brách?


Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach; tugann pobal gan chiall tarcaisne do d'ainm.


Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.


Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.


“Abair le clann Iosrael: Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air.


“Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.


Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.”


Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige.


D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”


Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”


thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D'fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


Nach iadsan a dhiamhaslaíonn an t‑ainm uasal dár tíolacadh sibh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí