Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 24:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Cuirfidh sé a nórd é gach áon tsábbóid a bhfíaghnuise an TIGHEARNA do shíor, ar na ghlacadh ó chloinn Israel lé cunnradh suthuin.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 24:8
9 Tagairtí Cros  

Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt.


Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid.


Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.


Teach mór a bheidh sa teach atáim a thógáil, mar is mó ár nDia ná na déithe go léir.


Tógaimid orainn na dualgais seo leanas: An tríú cuid de sheicil a thabhairt in aghaidh na bliana ar son riachtanais liotúirge Theampall an Tiarna,


Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”


Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n‑íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith.


Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí