Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus thoisigh na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh a smaoineadh, agus a rádh: Cé h-é seo a labhras diamhaslacha? Cé acht Dia amháin a dtig leis peacaidhe a mhaitheamh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:21
23 Tagairtí Cros  

Ansan do strac an t-árdshagart a cuid éadaigh, agus dubhairt: Tá diamhasla déanta aige; cad is gádh dhúinn a thuille fínnithe? Féach, anois do chloiseabhair an diamhasla:


Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh.


Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin.


Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe.


Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?


Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd ar a rádh ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann chómh fada le peacaí mhaitheamh?


D’fhreagair na Iúdaigh é: Ní mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí