Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
Lúcás 21:19 - An Bíobla Naofa 1981 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tiocfaidh sibh slán as ach bheith dochloíte. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara I bhur bhfoighid is eadh a bhéas congbháil bhur n-anam agaibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Le neart foighde slánóchaidh sibh bhúr n‐anmanna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha. |
Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.
Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid,
Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.
Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh.
Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích.
Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó.
mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht.
Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.
agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne,
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.
“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”
Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.
De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.