Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 “Ach nuair a fheiceann sibh saighdiúirí ina sluaite gach taobh de Iarúsailéim, aithneoidh sibh nach fada uaithi bheith ina fásach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus nuair atchífeas sibh arm thart fá Ierusalem, bíodh a fhios agaibh annsin go bhfuil a bánughadh i ngaobhar dí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achomaireacht.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:20
7 Tagairtí Cros  

“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -


“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;


Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;


D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”


Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá.


Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí