Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 “Ach nuair a fheiceann sibh saighdiúirí ina sluaite gach taobh de Iarúsailéim, aithneoidh sibh nach fada uaithi bheith ina fásach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus nuair atchífeas sibh arm thart fá Ierusalem, bíodh a fhios agaibh annsin go bhfuil a bánughadh i ngaobhar dí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achomaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:20
7 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta, ar ar labhair Dainial fáidh, ’n‐a sheasamh sa naomh‐áit (an té léigheas, tuigeadh sé),


Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:


Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh,


Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche?


Tré chreideamh do thuit ballaí Ierichó ar lár, tar a éis dóibh bheith d’á dtimchealladh ar feadh seacht lá.


D’á bhrigh sin, ó thárla néall chómh mór sin d’fhiadhnaidhthibh bheith ’n‐ár dtimcheall, cuirimís dínn gach ualach, agus an peacadh ghreamuigheas chómh dlúth sin dínn, agus rithimís go foighdeach an cúrsa atá curtha rómhainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí