Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Le neart foighde slánóchaidh sibh bhúr n‐anmanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Tiocfaidh sibh slán as ach bheith dochloíte.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 I bhur bhfoighid is eadh a bhéas congbháil bhur n-anam agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:19
26 Tagairtí Cros  

Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir.


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


Agus thairis sin, is adhbhar mórtais dúinn ár gcathuighthe féin; agus a fhios againn go dtugann cathú foighid;


agus go dtugann foighid seasmhacht; agus go dtugann seasmhacht dóchas:


Acht má bhíonn dóchas againn chum an nidh nach bhfeicimíd, bímíd ag fuireach go foighdeach air.


ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar.


Agus go dtreoruighidh an Tighearna bhur gcroidheacha chum grádha Dé, agus chum foidhne Chríost.


Óir atá gábhadh le foidhne agaibh, ar mhodh, thar a éis daoibh toil Dé do dhéanamh, go bhfaighidh sibh a bhfuil geallta dhaoibh.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéadna chum lán‐dearbhthacht dóchais do chothú go deireadh:


Agus mar sin, tar a éis dó fanamhain go foighdeach, fuair sé a raibh geallta dhó.


nuair thuiteas sibh i gcathuighthibh éagsamhla; agus a fhios agaibh go dtugann frómhadh bhur gcreidimh seasmhacht.


Agus leigidh do’n tseasmhacht a toradh do thabhairt chum críche, chum go raibh sibh lán‐fhoirbhthe, iomlán, gan éinnidh bheith i n‐easnamh oraibh.


agus eolas le subháilce; agus measardhacht le h‐eolas; agus foidhne le measardhacht;


Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa.


Cibé duine threoruigheas chum daor‐bhroide, is chum daor‐bhroide rachas sé; cibé duine mharbhas le claidheamh, ní foláir a mharbhadh féin le claidheamh. Annso is eadh atá foighid agus creideamh na naomh.


Annso is eadh atá foighid na naomh, lucht choimheádta aitheanta Dé agus creidimh Íosa.


De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí