Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Habacúc 3 - An Bíobla Naofa 1981


Caintic Habacúc

1 Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.


Réamhghuí

2 Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.


Nochtann an Tiarna ó Cheantar Shíonái

3 Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir.

4 Is cosúil leis an solas a dhealramh; as a lámha bladhmann gathanna gealáin. Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.

5 Ar a aghaidh amach gabhann an phlá; tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.

6 Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.

7 Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.


An Nádúr ina Chíor Thuathail

8 An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?

9 Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin.

10 Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.

11 Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.


Bua an Tiarna ar a Naimhde

12 Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.

13 Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah

14 Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n‑uachais.

15 Pasálann tú an mhuir le do chapaill trí bhorradh na n‑uiscí doimhne.


Urraim agus Dóchas

16 Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.

17 Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.

18 Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.

19 Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí