Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 1:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus lig don fhoighne iomlán a cuid oibre a dhéanamh, ionas go mbeidh sibh do bhur gcur i gcrích leis, agus sibh iomlán gan easpa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus leigidh do’n tseasmhacht a toradh do thabhairt chum críche, chum go raibh sibh lán‐fhoirbhthe, iomlán, gan éinnidh bheith i n‐easnamh oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus bíodh obair dhiongmhálta ag an bhfoigid, chum sibh féin do bheith diongmhálta iomlán, gan uireasbhuidh aóinneithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 1:4
26 Tagairtí Cros  

Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.


Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht


Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.


Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.


Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.


Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.


Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t‑easnamh atá fós orm?”


Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.


Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”


Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”


Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha.


Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.


mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.


Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.


Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.


Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.


Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.


ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.


go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.


Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.


Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.


Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.


An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí