Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
Lúcás 16:23 - An Bíobla Naofa 1981 Agus in ifreann dó, d'ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼardaigh sé a shúile, agus é i Háidéas, i bpianta, go bhfaca Abracham i bhfad uaidh agus Lasarus ina ucht. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag tógáil suas a chuid súl dó nuair a bhí sé dá phianadh, chonnaic sé Abraham i bhfad uaidh, agus Lasair ina ucht aige, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar mbeith dhó a nifearn a bpíanuibh do thóg sé a shúile súas, agus do chunnairc sé Abraham a bhfád Uadh, agus Lasarus ann a uchd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus in Ifreann dó, dʼardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht. |
Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.
Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.
Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir: tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.
Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos.
Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.
Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn chun teacht ag fáiltiú romhat. Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit, a raibh ina dtaoisigh ar talamh; cuireann sé suas as a suíocháin ríoga ríthe na náisiún ar fad.
Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.
Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn.
“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’
óir tá cúigear dearthár agam - chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d'eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
“Tá an bás slogtha siar ag an mbua. Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua? A bháis, cá bhfuil do chealg?”
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.