Matha 5:29 - An Bíobla Naofa 198129 Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)29 Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara29 Agus má bhíonn do shúil dheas ina cúis pheacáidh agat, stróc amach í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dteilgthí do chorp uilig isteach go h-ifreann. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)29 Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)29 Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)29 D’á bhrígh sin, má’s trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d’bhallaibh do chailleamhaint ’ná do cholann go léir a chur go h-ifreann. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201229 Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in Ifreann. Féach an chaibidil |