Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”
Lúcás 1:72 - An Bíobla Naofa 1981 ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ionas go gcuirtí i ngníomh an trócaire a gealladh dár sinsear, agus go gcuimhneofaí ar a chúnant naofa. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Go ndéanfadh sé trócaire ar ár n-aithreacha, agus a chonnradh naomhtha a chuimhniughadh; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ag déanamh trócaire ar ár n‐aithreachaibh, Agus ag cuimhniú ar a thiomna naomhtha; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go ndéanadh sé trócaire air ar naithreachuibh, agus go gcuimhnéochadh sé a thiomna náomhtha féin; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ag déanamh trócaire an ar n-aithreachaibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bheannuighthe féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa– |
Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”
Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.
Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,
Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla; cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.
Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.
ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.
Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.
ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.
Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d'Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.
Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia - rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí,
Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;