Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 26:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Ann sin cuimhneocha misi mo chunnradh ré Iácob, agus mar an gcéadna mo chunradh ré Hisaac, agus cuimhneochá mé mar an ccéadna mo chunradh ré Habraham; agus cuimhneocha mé an dúthaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 26:42
26 Tagairtí Cros  

Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,


Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: “Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit.


Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”


Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.”


Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.


Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”


Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.


An talamh seo a thug mé d'Abrahám agus d'Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.”


cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.


Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”


Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,


Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.


D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.


D'éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh.


Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.


ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.


Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thír agus ghlac sé trua dá phobal.


ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -


Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n‑aithreacha faoi bhrí na mionn.


Cuimhnigh ar do shearbhóntaí, ar Abrahám, ar Íosác, agus ar Iacób; ná tabhair aon aird ar cheanndáine an phobail seo, ar a gcoirpeacht ná ar a bpeaca,


Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí