Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 111 - An Bíobla Naofa 1981


Móroibreacha an Tiarna Salm Aibítreach

1 Alleluia. Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí, i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.

2 Is éachtach iad oibreacha an Tiarna, inscrúdaithe do chách a charann iad.

3 Is oirirc ollásach iad a oibreacha, agus maireann a fhíréantacht go brách.

4 Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí; is trócaireach grámhar é an Tiarna.

5 Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla; cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.

6 D'fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal, nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.

7 Is dílis agus is cóir iad a oibreacha; is daingean iad a aitheanta go léir.

8 Maireann siad go buan agus go brách; rinneadh iad le fíréantacht is le fírinne.

9 Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.

10 Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí