Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
Lúcás 1:50 - An Bíobla Naofa 1981 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimhe ó ghlún go glún. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bíonn a thrócaire ó shliocht go sliocht do’n mhuinntir ar a mbíonn a eagla. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus bíonn a thrócaire ó aois go h‐aois. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. |
Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.
Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire.
go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.
Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.
ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”