Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 115 - An Bíobla Naofa 1981


Ollchumhacht agus Ollmhaitheas Dé

1 Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d'ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.

2 Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”

3 Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é.

4 Ór agus airgead a n‑íolasan, agus saothar láimhe an duine.

5 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt; tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.

6 Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada; tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.

7 Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní; tá cosa acu ach ní thig leo siúl; ní thagann aon ghlór óna scornach.

8 Is ionann cás do lucht a ndéanta agus do chách a chuireann a ndóchas iontu.

9 Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna; is é is cabhair agus is sciath dóibh.

10 Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna is é is cabhair agus is sciath dóibh.

11 Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann; is é is cabhair agus is sciath dóibh.

12 Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn; beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.

13 Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.

14 Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh, sibhse agus bhur gclann go léir.

15 Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh.

16 Is leis an Tiarna amháin na flaithis; ach thug sé an talamh don duine.

17 Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna, ná an drong a ghabhann síos san uaigh.

18 Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna, anois agus go brách na breithe.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí