Salm 85 - An Bíobla Naofa 1981Athbhunú Chlann Iosrael 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach. 2 Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna; d'athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib. 3 Mhaith tú a gcoir do do phobal agus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir. 4 Chuir tú cosc le d'fhearg ar fad; chuir tú suas de do chonfadh buile. 5 Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta. 6 An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch? 7 Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinn chun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat? 8 Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe. 9 Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí. 10 Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. 11 Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile. 12 Eascróidh an dílseacht as an talamh; agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh. 13 Cuirfidh an Tiarna an séan orainn; agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh. 14 Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach; agus an slánú i slí a choiscéimeanna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart