Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Iób 26:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, is cuid dá shlighthibh íadso: acht cred í laghad na coda do chlos uadha? acht cía fhéudas tóirneach a chumhachd de thuigsin? |
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo; agus téann sé thar m'acmhainn a thuiscint.
Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é; ní féidir a mhórgacht a mhionransú.
Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.
Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.
Is cosúil leis an solas a dhealramh; as a lámha bladhmann gathanna gealáin. Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.”