Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 26 - An Bíobla Naofa 1981


Iób Fíréanta

1 Ansin d'fhreagair Iób, agus dúirt:

2 Nach breá an chabhair a thug tú don lag! Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!

3 Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach! Agus an misneach don lagmhisniúil.

4 Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite? Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?

5 Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos, Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.

6 Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat.

7 Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús Agus a chroch an chruinne ar neamhní.

8 Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.

9 Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré], Agus leath sé a néal thairsti.

10 Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.

11 Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.

12 Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim.

13 Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.

14 Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí