Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 26:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Criothnuighid postadha fhlaithis agus bídh critheagla orra re na armáire.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 26:11
12 Tagairtí Cros  

Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire - tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.


Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.


Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.


Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim.


Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,


Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.


“Abair le Zarubáibil, gobharnóir Iúdá: ‘Bainfidh mé croitheadh as na spéartha agus as an domhan.


Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí