Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Cóheilit 11 - An Bíobla Naofa 1981

1 Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.

2 Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

3 Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

4 An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.

5 Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.

6 Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.


An Óige agus an tSeanaois

7 Nach breá an ní é an solas! Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil!

8 Dá mhéad bliain dá maireann duine baineadh sé taitneamh astu go léir, agus cuimhníodh sé gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann. Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!

9 Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.

10 Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí