Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 11:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Má bhíd na néulla lán dfearthuinn, folmhuighid íad féin air an ttalamh: agus ma thuitionn an crann budh dheas nó budh thuáidh, annsa náit a ttuitfidh ann crann, is ann bhías sé.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 11:3
9 Tagairtí Cros  

Agus leis sin d'éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil.


Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.


An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.


Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.


Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’


Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí